ÓgChumann | Juvenile 

Seoladh ógchumann lán-Ghaeilge Laochra Loch Lao go hoifigiúil mar chuid de Dheireadh Seachtaine Chomóradh Céad Bliain Thomáis Ághas, Dé Sathairn 23 Meán Fómhair 2017, ag áiseanna nuathógtha úrscothacha Choláiste Feirste agus Laochra Loch Lao. I measc na n-áiseanna seo, tá páirc chraoibhe lánmhéide CLG.

Dúirt Brian Mac an tSionnaigh, Comhordaitheoir Traenála na nÓgLaochra;

‘I ndiaidh dúinn 10 mbliana a chaitheamh ar an fhód mar chumann cónasctha sinsir, tá na Laochra anois ag dul chuig an chéad chéim eile, i ndiaidh dúinn suirbhé cuimsitheach a dhéanamh sna Bunscoileanna sa chathair. Ciallaíonn seo go mbeidh muid ar an aon chumann scartha lán-Ghaeilge i mBéal Feirste agus is aidhm í dúinn eispéireas CLG den chéad scoth a chur ar fáil trí Ghaeilge don chéad ghlúin eile de Ghaeil óga i mBéal Feirste. Cuirfidh Laochra Loch Lao luach le forbairt phearsanta, shóisialta, oideachasúil agus spórtúil do pháiste.

Is í an sprioc atá ag Laochra Loch Lao ná cumann atá comórtasach, príomhshruthaithe a fhorbairt a bheadh aitheanta fud fad na hÉireann de thairbhe úsáid na Gaeilge agus scoth na lúthchleasaíochta. Maidir leis an chóitseáil féin, cuirfidh Laochra Loch Lao ardchaighdeán traenála agus tréadchúraim ar fáil a bheas á soláthar ag cóitseálaithe oilte le taithí fhada acu sa réimse seo. Tá nasc ag gach coitseálaí le Gaelscoileanna áitiúla, chomh maith le tacaíocht na nGaelscoileanna agus geidh gach cóitseálaí le Laochra Loch Lao oilte agus déanfar grinnfhiosrúchán Access NI chomh maith.’

Ar a bharr sin, luaigh Conchúr Ó Muadaigh, Cathaoirleach Choiste an ÓgChumainn:

‘Do bhaill Laochra Loch Lao, ní hionann ár dteanga dhúchais agus caitheamh aimsire, cur i gcéill nó rud sa bhreis. Is í an Ghaeilge a bheas go mór i réim agus is trí theanga na nGael a dhéanfar gach ní dár ngníomhaíochtaí i rith an ama. Ba mhaith linn cinntiú go bhfuil an deis ag bhur bpáistí a saol a chaitheamh trí Ghaeilge agus is ionann ár gcumann agus síneadh nádúrtha san eispéireas nuálach iontach a fhaigheann bhur bpáistí sna bunscoileanna agus sna cumainn óige. Chuige sin, beidh muid ag soláthar cóitseáil CLG den chaighdeán is airde trínár dteanga dhúchais sna háiseanna spóirt is fearr i mBéal Feirste.

Cuirfidh an spórt trí mheán na Gaeilge le deiseanna do shaol a chaitheamh trí Ghaeilge. Cuirfidh an cumann seo luach an Ghaeloideachais i do pháiste mar aon lena líofacht agus déanfar normalú ar úsáid shóisialta na teanga trí ghníomhaíochtaí sultmhara taobh amuigh den tseomra ranga.’

Beidh trí aoisghrúpa ag Laochra Loch Lao (Clár Naíonra: 4-6 bliana d’aois, F6:  Rang 1-2, F8: Rang 3 – 4). Beidh laethanta traenála na Laochra gach maidin Dhomhnaigh 11:00rn agus oícheanta Mháirt 6:00in. Titfidh an traenáil amach ag baile Laochra Loch Lao @ Coláiste Feirste, Bóthar na bhFál.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Conchúr Ó Muadaigh, Cathaoirleach Choiste an ÓgChumainn ar 07596520262 nó le Brian Mac an tSionnaigh, Co-ordaitheoir Traenála, ar 07873370259 le haghaidh tuilleadh eolais.

Amanna Traenála: 

Clár Naíonra: Gach Domhnach 11rn

F6 & F8: Gach Domhnach 11rn & Gach Máirt 6in

New Irish Speaking Juvenile Laochra Loch Lao GAA Club formally launched as part of the Thomas Ashe centenary weekend on September 23 2017 at Coláiste Feirste’s and Laochra Loch Lao’s newly built, state of the art sport facilities which includes a full championship sized GAA pitch.

Youth Co-Ordinator, Brian Mac an tSionnaigh stated:

‘Following 10 years as amalgamated senior club, competing in various competitions Laochra Loch Lao and having carried out a comprehensive survey in Belfast Bunscoileanna, we are now progressing to become the only standalone Irish speaking GAA club, with the aim of fostering a first-class GAA experience through Irish for the next generation of young Gaels in Belfast. Laochra Loch Lao will add value to your child’s personal, social, cultural, educational and sporting development.

CLG Laochra Loch Lao will provide the highest standard GAA training and pastoral care by qualified coaches with many years’ experience in this field. We aim is to develop a mainstream, competitive GAA club that will be recognised throughout Ireland because of its dedication to the Irish language and its sporting excellence. All coaches are also linked to and supported by local Gaelscoileanna, will be fully qualified and Access NI vetted.’

Chairperson of Laochra Loch Laoch Juvenile Committee, Conchúr ó Muadaigh added:

‘For Laochra Loch Lao club members, our native language is not a hobby, an afterthought, a foot note or tokenistic. We view the Irish language as is our dominant acoustic and the language we will conduct all our business and sporting activities in at all times. We want to ensure that your children have the chance to live their lives through the medium of Irish. Our club will be a natural extension to the fantastic and unique experience your child receives in our Bunscoileanna and Cumainn óige. To this end, we will be providing the highest quality GAA coaching in our native tongue in the best sporting facilities in Belfast.

Sports through the medium of Irish will add value to your child’s Irish medium education by increasing the child’s fluency and normalising the social use of the language through fun activity outside of the formal education of the classroom. So Join us in Belfast newest and most transformational Language project, join the Irish language revolution, join and take part in Laochra Loch Lao CLG.

Laochra Loch Lao will start with three age groups (Nursery Programme: 4 – 6 year olds, U’6s: Primary 1 Primary 2, & U’8s: Primary 3 Primary 4) and will have trainings days on Sunday mornings 11:00am and Tuesday nights 6:00pm. Training will take place at Laochra Loch Lao home and training pitches @ Colaiste Feirste, Falls Road.

For further information, contact Conchúr Ó Muadaigh (Chair of Laochra Loch Lao Juvenile Committee) on 07596520262 or Brian Mac A tSionnaigh (Training Coordinator) on 07873370259.

Training Times: 

Nursery Programme: Every Sunday 11am

F6 & F8: Every Sunday 11am & Every Tuesday 6pm


Website Design by Oin Interactive | Team Login Entries RSS Comments RSS