Nuacht - News
Seoladh oifigiúil ar Shuíomh Greasáin nua na Laochra
Nuair a bunaíodh Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta in 1969, bhí sé d’aidhm acu seasamh in éadan creimeadh leanúnach na Gaeltachta agus feachtasaíocht a spreagadh ar son cearta na nGael ar bhonn teangeolaíochta, cultúrtha, polaitiúil agus socheacnamaíochta. Is mar gheall ar an fheachtasaíocht seo ar tháinig ann do Raidió na Gaeltachta in 1972 agus Údarás na Gaeltachta níos faide anonn in 1979. Roimhe seo, áfach, in 1969 féin, bhí smaoineamh ag an bhaicle díograiseoirí céanna fá eagrú comórtas peile a chur ar bun chun freastal ar na Gaeltachtaí. Thosaigh sé an bhliain chéanna i nGaoth Dobhair chun féinmheas, bród agus dlúthpháirtíocht a chothú idir na ceantair éagsúla Ghaeltachta. Bunaíodh coiste náisiúnta agus fuarthas stádas oifigiúil ó Pháirc an Chrócaigh mar […]
zero: Comments
FÉILE UÍ MHUIRÍ 2015
Thit Féile Peile na nGaelscoileanna 15’ amach ar Aoine 24 Aibreán. Bíonn an comórtas dírithe ar Bhunscoileanna lán-Ghaeilge Aontroma. Bhí páirc Naomh Pól, páirc Rossa agus páirc na Sairséalach ar fad in úsáid i mbliana, agus tá lucht eagraithe an chomórtais an-bhuíoch as úsáid na bpáirceanna. Tá an fhéile ag druidim ar an dara bhliain dhéag ach ainmníodh é in ómós an Ghael iomráiteach, Liam Ó Muirí, a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Eanáir na bliana, 2010. Iardhalta de chuid Bunscoil Phobal Feirste a bhí ann agus an Ghaeilge lárnach ina shaol. Mar aon leis an Ghaeilge, ba fhear mór spórt é a raibh suim nach beag aige sna cluichí gaelacha i dteannta le póló uisce. Bhí dhá […]
zero: Comments
Get on your rothar an ride
Young Gaels are in action again and for a second year running with the launch of Cumann Rothaíochta Loch Lao (Loch Lao Cycling Club) this Sunday, 8th March 2015 meeting at An Chultúrlann 10:00am. With a successful 2014, where 70 members took part in weekly cycles around the north, 36 cyclists completing a 100 mile charity cycle and a central role in Belfast’s Irish language community, Máirtín MacGabhann stated ‘It is only natural to continue with the club, to build on the club’s success and add to the fabric of Ceathrú Gaeltachta.’ The cycling club aims to build on the sterling work of 2014 by promoting the language through sporting and fitness activities. The development of the club has and […]
zero: Comments
Gaeil ag Gníomhú ar theacht an GIRO/ Gaels in action on the arrival of GIRO
Tá Gaeil óga Bhéal Feirste ag gníomhú arís chun tógáil ar athbheochan phobalbhunaithe na teanga agus Cumann Rothaíochta Loch Lao á sheoladh ar an Domhnach bheag seo, 11 Bealtaine ag a 10rn, ag bualadh ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich. Is trathúil agus toipiciúil go bhfuil an dul chun cinn seo ag titim amach agus ceann de na himeachtaí is mó rothaíochta ar domhan ag teacht go Béal Feirste cois cuain ag an deireadh seachtaine agus an Giro d’Italia ag mealladh na céadta míle turasóirí fud fad na tíre. Beidh sé de sprioc ag an chumann tógáil ar an tsárobair atá déanta ag Laochra Loch Lao, Cumann Peile na Ceathrún Gaeltachta, agus iad ag cur cinn na tean ga fríd forbairtí […]
zero: Comments