Nuacht - News

An Teach Mór – Free App for iPad
The Latest interactive app from Oin Interactive is now available to download for free from the iTunes App store, This Irish Language app allows users to explore an interactive house where they can absorb the sounds and phrases commonly used in everyday Gaeilge life .
zero: Comments
Lainseáil ar na Mná Laochra / Female Laochra Launched!
Is cinnte go bhfuil baill ó Chumann Lúthchleas Gael Laochra Loch Lao (Béal Feirste) ag gníomhú ar mhana s’acu, ‘Lean ar aghaidh’. Tá an club le foireann peile na mban a chur isteach ar Chomórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Beidh an comórtas ar siúl i nDún na nGall i mí an Mheithimh agus tá mná Loch Lao chun a ndícheall a dhéanamh peil den scoth a imirt i rith an deireadh seachtaine mór seo. Bunaíodh Laochra Loch Lao, foireann péile na Ceathrún Ghaeltachta, ag deireadh na bliana 2006 agus tá siad i ndiaidh ról lárnach a imirt sa phobal áitiúil, an Ceathrú Ghaeltachta, ó shin. Tá mná an chumainn ag eagrú cheana féin don chomórtas agus tá beagnach cúig […]
zero: Comments
Baineann na Laochra Corn Uí Cheallaigh Arís! / Laochra scoop Ó Ceallaigh Cup again!
Is le lúchair, gaisce, dlúthpháirtíocht agus spraoi a ghlac ceithre fhoireann sinsear ó dheisceart Chontae Aontroma páirt i gCorn Oilibheár Uí Cheallaigh Dé Sathairn seo caite. Eagraithe i mbliana mar dhlúthchuid de Fhéile Gaeilge le Bród a bhí faoi lánseol ag eagraíocht Ghaeilge Uachtar Chluanaí, Glór na Móna, is iad Cumann Lúthchleas Gael Laochra Loch Lao a reachtálann an comórtas peile seo. Bunaithe in 2006 mar fhoireann peile de chuid na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste, d’ardaigh na Laochra clú agus stádas Gaeilfeirste i measc Ghaeil na tíre agus iad ag glacadh páirte i gComórtas Peile na Gaeltachta ó 2007 i leith. Go deimhin féin, lean clár faisnéise a rinne an comhlacht scannánaíochta Imagine Media iad amuigh go Béal […]
zero: Comments
Cath Dhá Chathair! / Battle of two cities!
Laochra in uachtar sa chath idir na Foirne lánghaelacha i rith Féile an Phobail /Laochra get upper hand in battle of Irish speaking teams in Féile an Phobail Bhí an lámh in uachtar ag foireann peile na ceathrún Ghaeltachta, Laochra Loch Lao, sa chluiche dushláin idir iad féin agus an fhoireann peile Lánghaelach as Báile Átha Cliath, Na Gaeil Óga (1-8-11). Ócáid stairiúil a bhí ann ag Páirc Mhic Ionnrachtaigh ag Gort na Móna CLG a eagraíodh mar chuid d’fhéile an Phobail 2011. Lá brea grianmhar a bhí ann don chluiche agus is é Ardmheára Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile, a chaith an liathróid isteach don chluiche. Bhain na Laochra an cluiche agus chríochnaigh an scór 3-10 go 1-5. Is iad imreoirí […]
zero: Comments